Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

An tsochaí agus an pobal

Áirítear le Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta staidéar agus plé ar imeachtaí reatha agus ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, a spreagfaidh spéis agus fiosracht an scoláire agus a chuideoidh leis an méid atá á fhoghlaim aige sa rang a nascadh le himeachtaí nó cásanna sa saol. Trí iniúchadh a dhéanamh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le teicneolaíochtaí ríomhaireachta anois agus sa todhchaí, agus níos tábhachtaí ná sin an tionchar a bhíonn acu ar dhaoine agus ar shochaithe, beidh an scoláire in ann forbairt agus scagadh a dhéanamh ar an tuiscint atá aige ar conas teicneolaíocht agus faisnéis ríomhaireachta a úsáid go heiticiúil. Ina theannta sin, fiosróidh an scoláire an ról is féidir leis an teicneolaíocht oiriúnaitheach a imirt i saol daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu agus an chaoi a bhfuil tábhacht níos mó ná riamh le rochtain agus rannpháirtíocht le ríomhaireacht agus teicneolaíocht agus oibriú leis do shochaithe, do dhaonlathais agus do dhul chun cinn an duine.

Is acmhainn luachmhar iad naisc phobail do scoileanna agus don scoláire a bheidh ag gabháil do Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta. Samplaí de na naisc sin is ea rannpháirtíocht i dtionscal agus meantóireacht ghnó áitiúil/cláir ghairme agus cláir meantóireachta ollscoile, a bheith i gceannas ar chlubanna códúcháin áitiúla nó clubanna códúcháin scoile nó páirt a ghlacadh iontu, agus a bheith ag comhoibriú le grúpaí pobail áitiúla chun an teicneolaíocht a úsáid ar mhaithe le fadhb sa cheantar a réiteach.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.